Tonn Gan Choinne

Ar an 23ú Bealtaine 2019 shocraigh mé dul ar thuras campála le mo kayak go
hInis Oirthear.
Seo oileán amach ó chósta Ghaoth Dobhair i nDún na nGall a tréigeadh sna
1950idí, ach anois is iad na caoraigh atá ina gcónaí ansin.
Bhí mo mhadadh beag Séimí liom. Bhí seaicéad tarrthála liom. Chuir mé m’fhón
póca i mála beag uiscedhíonach. Bhí adhastar agus téad ar Shéimí agus bhí sé
ceangailte domh féin.
Sheol muid go hInis Oirthear ó Thrá na Glaisí. Cé nach bhfuil píosa fada farraige
idir an mórthír agus an oileán, tá sé creagach. D’éirigh go breá linn agus bhí muid
in Inis Oirthear i 20 bomaite.
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Chuir mé an puball in airde agus chruinnigh mé
píosaí adhmaid farraige chun tine a dhéanamh. Bhí tráthnóna pléisiúrtha againn.
Bhí maidin fhliuch ann an lá dár gcionn ach thriomaigh sé san iarnóin. Bhí sé
thart ar 4 a chlog nuair d’fhág muid Inis Oirthear. Dála an scéil, bhí an lán mhara
amuigh go hiomlán ag an am sin chomh maith.
Mar a dúirt mé, tá an píosa farraige seo creagach. Bhí go leor de na creagacha
seo nochtaithe anois mar gheall ar an lán mhara íseal. Bhí orm slí níos faide a
thógáil go dtí an mórthír ach bhí an fharraige ciúin.
Bhí mé ag iomradh thart ar roinnt chreagacha nuair a chuala mé torann aisteach
ar mo chúl. D’amharc mé thart agus chonaic mé tonn ard díreach ar mo chúl.
Tonn gan choinne. I bhfaiteadh na súl bhí mo kayak bun os cionn agus bhí muid
san uisce. D’imigh mo rámha uaim agus choinnigh mé greim ar an kayak. Bhí Séimí
in aice liom. D’fhéach mé timpeall. Ní fhaca mé duine ná deoraí.
Tharla sé uilig chomh gasta. Bhí mé liom féin san uisce dhomhain. Bhí sé rófhada
snámh go dtí an mórthír. Bhí roinnt creagacha níos deise domh. Thiontaigh mé an
kayak thart agus bhí sé leath-lán uisce. Chuir mé Séimí isteach ann agus thosaigh
mé ag snámh chuig na creagacha le lámh amháin.
Bhí eagla orm, ach choinnigh mé smacht ar m’intinn. Thóg sé thart ar 20 bomaite
orm na creagacha a bhaint amach. Bhí tonna ag bualadh in éadan na creagacha
agus scaoil mé saor an kayak. Rinne mé iarracht dreapadh suas ar an charraig
agus ghearr mé mo chos. D’éirigh liom fáil suas ar an chreag. Bhí mé buíoch. Ach
bhí mé conáilte.
D’amharc mé trasna go dtí an mórthír agus chonaic mé bean ag siúl. Sheas mé
agus thosaigh mé ag scairtigh agus ag croitheadh mo lámha. Stop sí agus
d’amharc sí i mo threo. Chonaic mé í ag déanamh scairt gutháin. Buíochas le Dia.
Ach bhí contúirt eile romham anois. Bhí tonna ag briseadh ar an chreag agus bhí
an lán mhara ag ardú. Bhí tonna ag briseadh thart orm agus bhí orm greim
daingean a choinneáil ar Shéimí agus an chreag. Bhí eagla orm dul ar ais san
fharraige mar go raibh mé chomh fuar.
Tar éis 25 bomaite ar an chreag, chuala mé torann báid ag déanamh orm. An
Garda Cósta. Bhí mé chomh sásta iad a fheiceáil. Thóg siad mé féin, Séimí agus
mo kayak. Tháinig héalacaptar an Gharda Cósta chomh maith agus rinneadh
seiceáil ar mo shláinte ar an mórthír. Cé go raibh mo theocht fuar agus mo chos
ag cur fola, bhí mé go breá.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den lá sin. Tá mé chomh buíoch do Bhríd, an
bhean a chonaic mé, agus d’fhoireann an Gharda Cósta a thug tarrtháil orm.